Skip to Content
  • Follow us
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
  • DONATE
  • MEMBERSHIP

An Taisce - The National Trust For Ireland
  • 0
    My Cart
  • 0
    Wishlist
  • Sign in
  • Home
  • About Us

    Our Mission

    Our Mission

    Who We Are

    Key Staff
    Board
    Council
    Local Associations



    History

    History

    Annual Reporting

    Annual Reports

  • Our Work

    School & University

    Green-Schools
    Green-Campus
    Globe Ireland
    Safe Routes to Schools
    LEAF — Learning About Ecosystems and Forests
    EU Projects

    Community

    Clean Coasts
    Climate Ambassadors
    National Spring Clean 

    Awards

    Blue Flag Award
    Green Coast Award
    Green Flag for Parks Award 

    Our Work

    Advocacy
    Submissions
    Policy Positions
    Properties in Trust
    Buildings At Risk 2025
  • News & Stories
    • News
    • Stories
    • Publications
    • Magazines
    • Events
  • Get Involved

    Donate

    Charitable Donation Scheme
    Donate

    Get Involved

    Other Ways To Give
    Volunteer
    Green Buildings

    Get Involved

    Membership
    Job Vacancies
    Legacies
  • Contact us
    • Contact Us
    • FAQs
An Taisce - The National Trust For Ireland
  • 0
  • 0
    • Home
    • About Us
    • Our Work
    • News & Stories
      • News
      • Stories
      • Publications
      • Magazines
      • Events
    • Get Involved
    • Contact us
      • Contact Us
      • FAQs
  • Follow us
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
    Click here to setup your social networks
  • Sign in
  • DONATE
  • MEMBERSHIP

Athruithe ar Rialacha Chostais na Athbhreithnithe Breithiúnaigh

  • All Blogs
  • News
  • Athruithe ar Rialacha Chostais na Athbhreithnithe Breithiúnaigh
  • 13 January 2026 by
    Sean O'Callaghan — Planning and Environmental Policy Officer at An Taisce

    Tá An Taisce – The National Trust for Ireland ag iarraidh ar an Aire deireadh a chur leis an gcomhairliúchán maidir le hathruithe ar rialacha costas dlí i gcásanna comhshaoil. Dar linn, níl na tograí costais dlí seo cóir, cothrom nó daonlathach mar gheall ar iarracht an rialtais seo chun an ceart poiblí chun rochtana ar cheartas trí na cúirteanna a shrianadh. Is iarracht shoiléir é seo chun dlíthíocht chomhshaoil ar leas an phobail a mharú. Bíonn impleachtaí ollmhór ag baint leis don ghnáthphobal mar go gcuirfear deireadh le dlíthíocht leasa phoiblí ar mhaithe le pobail agus an chomhshaoil mar go mbeidh an costas féideartha chomh hard sin.  

    Is ionsaí suntasach ar an tsochaí shibhialta agus ar chuntasacht phoiblí é an togra mídhleathach seo. Níor cheart dul chun cinn a dhéanamh air, agus ba cheart an córas reatha rialacha costais atá ann faoi láthair a choinneáil. Faoi na forálacha reatha, má éiríonn le heagraíocht neamhrialtasach, grúpa sochaí sibhialta nó duine aonair in athbhreithniú bhreithiúnaigh, íocfaidh an t-údarás poiblí nár eirigh leis costais dlí an bhuaiteora go ginearálta. Má chaileann an dúshlánaí, ná gá dóibh ach a gcostais féin a íoc, agus caithfidh an t-údarás poiblí buacach a chostais féin a íoc fós. Baintear an baol féimheachta d’iarratasóirí leis seo. Leis na forálacha nua seo, beidh bille dlí an-ard do bhaill na phobail agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, fiú dá mbuafaidís an cás.

    Tagann sé seo i gcomhthéacs an scéal atá cruthaithe i gcoinne úsáid Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh ag daoine aonair agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, cé go mbíonn Athbhreithnithe Breithiúnaigh cuid lárnach de chuntasacht na hearnála poiblí faoi chaighdeán cinnteoireachta i leith cosaint an chomhshaoil agus pleanáil/forbairt atá ardchaighdeánach.  

    Beidh éifeacht eile na n-athruithe seo ná laghdú ar chaighdeán cinnteoireachta. Ciallaíonn sé sin go mbeidh éiginnteacht dlíthiúil ollmhór agus dlíthíocht bhreise i gceist, agus mar sin, moill seachas luas maidir le seachadadh an infreastruchtúr ríthábhachtach atá de dhíth orainn go géar. 

    • Táimid ag iarraidh ar an bpobal a bhfreagra comhairliúcháin féin a sholáthar roimh spriocdháta an Déardaoin seo an 15ú d’Eanáir.1 

    Cén gné do dhlí an Aontais Eorpaigh agus de Choinbhinsiúin Aarhus atá mí dhleacht ó thaobh na dteorainneacha costais atá molta? 

    Forálann an Coinbhinsiún Aarhus do chostas dlí atá “cóir, cothrom, tráthúil agus nach bhfuil róchostasach”. Forálann na teorainneacha costais seo do chostais dlí atá róchostasach agus a chuireann baic ollmhór don phobal agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil chun cásanna comhshaoil a ghlacadh agus cinntí a dhéanann ár gcinnteoirí a scrúdú. 

    Leis na forálacha nua seo, beidh bille dlí an-ard do bhaill na phobail agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, fiú dá mbuafaidís an cás. Tugann meastachán le fios go bhféadfadh costais den sórt sin dul thar 100 míle euro i gcás comhshaoil thipiciúil. Ní hamháin go gcuirfeadh sé seo stop go héifeachtach leis an gcuid is mó de na cásanna dlí comhshaoil a bhaineann le leas an phobail mar gheall ar costais arda, ach ag an am céanna, tá sé mídhleathach faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta a bhfuil Éire tar éis síníu suas dó, an Coinbhinsiún Aarhus go príomha. In ainneoin sin, ní bheadh srian ar gcomhlachtaí stáit agus forbróirí, mar shampla, maidir leis an méid is féidir leo a íoc lena ndlíodóirí. 

    Cén chaoi nach bhfuil an t-eolas ó thaobh an próiseas comhairliúcháin éagórach agus mídhleathach? 

    Ar an gcéad dul síos, ní mhínítear oibleagáidí dlíthiúla an Stáit go soiléir agus go simplí sa chomhairliúchán ná ní mhínítear chonas a comhlíonadh iad – go háirithe maidir le forálacha an Choinbhinsiún Aarhus and dlí an Aontais Eorpaigh go ginearálta. 

    Anuas air sin, rith an chomhairliúchán thar thréimhse laethanta saoire an-ghnóthach na Nollag/na hAthbhliana. D’fhéadfadh go leor baill den phobal a fháil amach faoin bhfaisnéis chasta bhreise seo go dtí i bhfad níos déanaí mar gheall ar shos na laethanta saoire, agus an spriocdháta don chomhairliúchán díreach an Déardaoin seo, an 15ú d’Eanáir.  

    Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh ar an Aire an comhairliúchán a tharraingt siar agus an próiseas a thosú arís. Ní mór comhairliúcháin phoiblí éifeachtach agus dleathach a bheith i gceist le haon tograí amach anseo ón tús ionas go mbeidh tionchar ag ionchur an phobail ar thograí ón tús. Idir an dá linn, táimid ag iarraidh ar an bpobal a bhfreagra comhairliúcháin féin a sholáthar. Tá níos mó eolais faoi seo ar fáil ar shuíomh idirlíne An Taisce.2  

    An bhfuil an próiseas seo ag cloí le cúrsaí teanga? 

    Bíonn fadhbanna le leagan Gaeilge den chomhairliúchán freisin. Bhí seachadadh an-mhall ar roinnt doiciméad ar leagan Gaeilge leathanach gréasáin an chomhairliúcháin. Ní raibh ceann amháin uaslódáilte go dtí an 5ú d’Eanáir – 10 lá roimh spriocdháta an chomhairliúcháin. Bhí tuarascáil casta ann ina measc le staitisticí agus anailís tábhachtacha a thug eolas don ábhar seo. Chomh fada is féidir linn a fheiceáil, ní bhíonn leagan Ghaeilge den tuarascáil seo ar fáil fós.  

    Is fadhb chórasach é seo mar gheall ar leagan Ghaeilge den reachtaíocht san Acht Phleanáil agus Forbairt 2024 fós in easnamh freisin. Bíonn impleachtaí féideartha i gceist anseo maidir le heaspa doiciméid sa chomhairliúchán trí mheáin na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn tograí beartais phoiblí. Ní mór é seo a scrúdú, chomh maith le forálacha féideartha san Acht sin faoi reachtaíocht a bheith ar fáil trí mheáin na Gaeilge freisin. 


    Image: Self made, CC BY-SA 3.0 <http://creativecommons.org/licenses/by-sa/3.0/>, via Wikimedia Commons

    in News
    Planning Bill Pre-Legislative Scrutiny Report makes many welcome recommendations but wide of the mark on access to justice

    Contact Us

    • Business Address
    • 5 Foster Place
    • Dublin 2, D02 V0P9
    • Ireland

    • Registered Address
    • Tailors' Hall, Back Lane
    • Dublin 8, D08 X2A3
    • Ireland

    • +353 1 454 1786
    • info@antaisce.org



    Links

    • Donate
    • Membership
    • Governance
    • Our Funders
    • Vacancies
    • Accessibility
    • Terms & Conditions
    • Privacy Policy
    • Cookies Policy
    • Sitemap
    • Login


    Follow us

    Social Media


    • © 2026 An Taisce - The National Trust for Ireland 
    • Registered in Ireland 12469 - Charity No. CHY4741 - Charity Regulator No. 20006358 - EU Transparency Register No. 275657497595-21
    Copyright © 2026 An Taisce - The National Trust for Ireland 
    Powered by Odoo - The #1 Open Source eCommerce